Níos mó ná 200 páiste chun an Nollaig a chaitheamh i Seirbhís COPE Gaillimh

Home » News

Níos mó ná 200 páiste chun an Nollaig a chaitheamh i Seirbhís COPE Gaillimh

Share

Agus 50 Ceannaire Gnó, an líon is airde riamh, ag pacáil a gcuid málaí agus ag ullmhú don Chodladh Amuigh ar Shráid na Siopaí ar feadh 12 uair an chloig oíche anocht (Dé hAoine, 3 Nollaig), beidh níos mó ná 200 páiste i nGaillimh ag caitheamh na Nollag i gcóiríocht éigeandála atá curtha ar fáil ag COPE na Gaillimhe.

Is é an sprioc atá ag na 39 rannpháirtí atá ag déanamh ionadaíocht do Ghaillimh feasacht a spreagadh agus airgead a bhailiú chun cuidiú le Seirbhís COPE na Gaillimhe do Dhaoine gan Dídean ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag cur idirghabháil fhiúntach ar fáil do bhreis is 320 fear, bean agus páiste atá gan dídean agus atá ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála i nGaillimh. An Nollaig seo, tá COPE na Gaillimhe ag tacú le 73 teaghlach ina bhfuil 200 páiste agus breis is 80 duine aonair atá ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála. Tá an eagraíocht áitiúil seo ag tacú le 41 fear agus bean eile agus 13 teaghlach atá i gcóiríocht idirthréimhseach ar fud na Gaillimhe.

Cuireann Sinead Carey, Ceannasaí Sheirbhís do Dhaoine gan Dídean COPE na Gaillimhe, atá ag glacadh páirte san imeacht atá 10 mbliana ar an bhfód i mbliana, na hábhair imní atá ag na teaghlaigh seo in iúl dúinn agus iad ag baint leas as cóiríocht éigeandála na carthanachta. “Is mór an difear idir a bheith i do chónaí i do theach féin agus a bheith i do chónaí in áiteanna beaga srianta amhail Leaba is Bricfeasta nó seomraí óstáin. Bíonn imní ar mháithreacha agus ar aithreacha go bhfuil a gcuid leanaí ag cailleadh amach ar eispéiris fhoirmitheacha ar nós cuimhní Nollag agus déanann siad a ndícheall a gcuid leanaí a chosaint ó na hábhair imní a bhaineann le bheith gan teach dá gcuid féin. Ach tá tionchar aige seo ar chothú, ar aclaíocht, ar scolaíocht. Le linn na dtréimhsí a raibh srianta Covid i bhfeidhm, bhí deacrachtaí a bhaineann le dul i mbun cianfoghlama níos suntasaí fós. Tá dúshlán práinneach ann maidir le freastal ar aidhmeanna agus spriocanna forbartha páistí i suíomhanna mí-oiriúnacha, agus déanaimid ár ndícheall dul i ngleic leis fad is a leanann an cuardach do thithe oiriúnacha agus inacmhainne. ”

Is é Codladh Amuigh an Lucht Gnó an ócáid bailithe airgid is mó atá ag COPE na Gaillimhe, agus tá breis is € 1 milliún bailithe acu le naoi mbliana. Dúirt bunaitheoir Codladh Amuigh agus iarchomhalta Boird COPE na Gaillimhe, Hannah Kiely go léiríonn an líon daoine a bheidh páirteach i gCodladh Amuigh na bliana seo, an líon is mó rannpháirtithe go deimhin le deich mbliana, an fonn atá ar lucht gnó na Gaillimhe a gcuid féin a dhéanamh le cúnamh a chur ar fáil do shaoránaigh eile atá thíos leis faoi láthair.

“Níl aon dearmad déanta ag muintir na háite orthu sin inár bpobal atá ag streachailt le fadhbanna a bhaineann le heaspa dídine, go háirithe leis na dúshláin bhreise a bhaineann le Covid,” a deir Hannah. “Cé go bhfuil fearg orm nach mbeidh aon réiteach tapa ar easpa dídine, tá sé feicthe go pearsanta agam mar atá COPE na Gaillimhe ag brath ar na cistí a bhailítear agus ag déanamh difríocht mhór do shaol an oiread sin daoine agus teaghlaigh i nGaillimh. An Nollaig seo, níl a fhios ag 37 páiste, den dara bliain as a chéile, agus cuid acu den tríú bliain as a chéile, an mbeidh Santaí in ann iad a aimsiú Oíche Nollag. Tugann na himeachtaí feasachta agus tiomsaithe airgid amhail Codladh Amuigh deis dúinn rud éigin a dhéanamh faoi chásanna do-ghlactha mar seo agus tionchar mór a imirt ar fhadhb na heaspa dídine i nGaillimh ”.

Bainfidh COPE na Gaillimhe úsáid as na cistí a bhailíonn na Ceannairí Gnó ag an gCodladh Amuigh chun acmhainní a fhorbairt agus a mhéadú chun tacú le teaghlaigh agus le daoine aonair fad is a bhíonn ag caitheamh tréimhsí fada i gcóiríocht mhí-oiriúnach. Áirítear leis seo cur le tithíocht agus tithíocht a fhorbairt le tacaíocht an phobail, tacaíocht tionóntachta níos mó agus obair choisctheach a dhéanamh le fir, mná agus teaghlaigh chun nach mbeidh easpa dídine ag déanamh imní dóibh.

Má tá aithne agat ar dhuine den 50 Ceannaire Gnó a bheidh ag Codladh Amuigh ar feadh 12 uair an chloig ar Shráid na Siopaí do dheichiú Codladh Amuigh COPE na Gaillimhe do Cheannairí Gnó, tabhair tacaíocht dóibh le do thoil. Aimsigh an leathanach atá acu chun airgead a thabhairt ag copegalwaysleepout.ie

Subscribe to our Newsletter

Name(Required)
This field is for validation purposes and should be left unchanged.